(Gaeilge)

Ealaíontóir as an Nás, Co. Chill Dara, Éire é Rónán Ó Raghallaigh. Tá MFA Art in the Contemporary World ó Coláiste Naisiúnta Ealaíne is Deartha aige, agus thaispeáin sé i dtaispeántais aonair agus ghrúpa in Éirinn agus thar lear.

Agus é ag obair le péintéireacht, scríbhneoireacht agus léiriú, pléann cleachtas Rónán le hÉirinn réamh-Chríostaí mar mhodh le haghaidh gníomhaíochta iar-choilíneach comhaimseartha. Soláthraíonn taighde ar sheandálaíocht, stair, miotaseolaíocht agus béaloideas na hÉireann atá fréamhaithe sa tírdhreach foinsí d’obair nua.

Ní as cúlra teaghlaigh ina labhraítear Gaeilge do Rónán ach tá sé ag athfhoghlaim na Gaeilge mar dhuine fásta. Is gné dhílis dá chleachtas í an Gaeilge, agus is minic a bhíonn sí fite fuaite le stíl turgnamhach Béarla na hÉireann agus Béarla caighdeánach.

Is gníomh leanúnach cuimhneacháin agus saothraithe bealaí malartacha maireachtála é saothar Rónáin mar fhreagairt ar an gcoilíneachas, an Chríostaíocht agus an tionscal. Bíonn an scéalaíocht agus an deasghnáth ina gcleachtas chun cairdeas a dhéanamh lenár dtimpeallacht, chun machnamh a dhéanamh ar chéannacht agus chun cneasú a spreagadh.

(English)

Rónán Ó Raghallaigh is an artist from Naas, Co. Kildare, Ireland. He has an MFA Art in the Contemporary World from NCAD, and has exhibited in solo and group exhibitions in Ireland and abroad.

Working with painting, writing and performance, Rónán’s practice engages with pre-Christian Ireland as a means for contemporary postcolonial action. Research of Irish archaeology, history, myth and folklore rooted in landscape provide a spring for new work.

Rónán does not come from an Irish-speaking family background but is re-learning Irish as an adult. The Irish language is an integral aspect of his practice, often interwoven with an experimental Hiberno-English style and standard English.  

Rónán’s work is a constant act of remembering and cultivating alternative ways of being in response to colonialism, Christianity and industry. Storytelling and ritual become a practice for befriending our environment, considering identity and encouraging healing.